Mair ar nós Duine Áitiúil sna Ceantair Shléibhe Cois Cósta

Taiscéal, aimsigh, agus ceiliúir oidhreacht shaibhir nádúrtha agus chultúrtha na gCeantar Sléibhe Cois Cósta, leo siúd a bhfuil an t-ádh orthu na ceantair seo a bheith acu mar bhaile.

Tá a fhios ag pobail na gCeantar Sléibhe Cois Cósta atá ar theorainn Mhuir Éireann go bhfuil a lán le tairiscint ag na ceantair seo do chuairteoirí ar mian leo maireachtáil ar nós duine áitiúil agus taithí a fháil ar an saol áitiúil. Mar chuid dár misean tacú le tairiscintí turasóireachta oidhreachta athghiniúna, d’oibrigh foireann tionscadail CUPHAT le gnólachtaí áitiúla, le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí eile chun béim a leagan ar raon eispéiris bharántúla áitiúla a cheiliúrann oidhreacht uathúil nádúrtha agus chultúrtha na bpobal sléibhe seo. Eascraíonn na heispéiris seo as gníomhaíochtaí ar a bhfuil na daoine a chónaíonn sa cheantar seo i gceannas nó a ghlacann páirt iontu go rialta, rud a ligeann do chuairteoirí cónaí mar dhuine áitiúil, bualadh le daoine ón gceantar agus bheith i dteagmháil leo, agus iniúchadh a dhéanamh ar oidhreacht shaibhir na gCeantar Sléibhe Cois Cósta.

Má thugann tú cuairt ar an gceantar, tar go ceann de na himeachtaí seo le do thoil chun an taithí iomlán a fháil ar an saol áitiúil. Beidh tú ag tacú leis na pobail áitiúla freisin.

Chun Maireachtáil mar Dhuine Áitiúil in aon cheann dár gceithre phobal cliceáil ar an nasc Grúpa Facebook ábhartha thíos:

Tabhair faoi deara, le do thoil, gur féidir leis na sceidil le haghaidh gníomhaíochtaí athrú – seiceáil leis an nGrúpa Facebook ábhartha sula bpleanálann tú do thuras.