Maidir Linne

A view over Bray Head towards the Irish Sea, from Wicklow, Ireland

Is í aidhm fhoriomlán CUPHAT ná oidhreacht nádúrtha agus chultúrtha na gceantar ardtailte cois cósta in Éirinn agus sa Bhreatain Bheag a thaispeáint chun cineálacha inbhuanaithe turasóireachta a mhéadú laistigh díobh, rud a chruthóidh slite beatha, pobail agus timpeallachtaí níos inbhuanaithe.

Oibreoidh CUPHAT le dhá phobal déag ar thailte i gceithre cheantar ardtailte cois cósta na Sléibhte Caimbriacha, Cnoic na Preseli, Sléibhte Chill Mhantáin agus Na Staighrí Dubha chun an aidhm seo a bhaint amach. Tá suim againn a bheith ag foghlaim ó na pobail féin faoi cad ba mhaith leo a cheiliúradh agus a chur in iúl do thurasóirí. Chuige sin, tá sé mar aidhm againn cineál turasóireachta a chur chun cinn a oibríonn ar mhaithe leis na ceantair seo.

Tá CUPHAT bunaithe ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) trí Chlár Comhoibrithe na hÉireann-na Breataine Bige. Oibreoidh an tionscadal le raon páirtithe leasmhara pobail, áitiúla agus náisiúnta ón mBreatain Bheag agus ó Éirinn, le hOllscoil Aberystwyth i gceannas ar an tionscadal, agus ag obair i gcomhpháirtíocht le Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus Iontaobhas Seandálaíochta Dyfed.

A sprinkling of snow on the Cambrian Mountains, Wales

Go stairiúil bhí ceithre cheantar ardtailte cois cósta na Sléibhte Caimbriacha, Cnoic na Preseli, Sléibhte Chill Mhantáin agus Na Staighrí Dubha ag brath ar thionscail thraidisiúnta ar nós na talmhaíochta agus na foraoiseachta. Is limistéir iad freisin a dtugann turasóirí cuairt orthu ach tá scóip ann leas a bhaint as an margadh seo ar bhealaí níos éifeachtaí agus níos inbhuanaithe. Tá sé mar aidhm ag CUPHAT deiseanna a chruthú do phobail chun leas a bhaint as turasóirí atá ag iarraidh iniúchadh gníomhach a dhéanamh ar na limistéir ardtailte cois cósta nach bhfuil chomh tráchtálaithe, go háirithe maidir leis na téamaí seo a leanas: Saol Cónaithe agus Tírdhreacha; Bithéagsúlacht; Seandálaíocht; Geolaíocht/Geomoirfeolaíocht.