VÓTÁIL – Comórtas Grianghrafadóireachta CUPHAT

Caith do vóta don phictiúr is fearr i gComórtas Grianghrafadóireachta CUPHAT!

Ón líon mór iontrálacha a fuaireamar, chuir painéal ónár bhfoireann 3 iontráil ó gach ceantar in Éirinn agus sa mBreatain Bheag ar an ngearrliosta. Comhghairdeas leis na hiontrálacha rathúla seo.

Mairfidh an tréimhse vótála go dtí 5i.n. ar an 15 Meitheamh 2023. Fógrófar na buaiteoirí réigiúnacha ag na himeachtaí Feis CUPHAT idir 20-28 Meitheamh faoi seach, agus an buaiteoir ar an iomlán á fhógairt ar na meáin shóisialta ar an 29 Meitheamh.

Chun do vóta a chaitheamh i ngach ceantar, roghnaigh an grianghraf is fearr leat agus cliceáil ar “VOTE” faoi bhun na bpictiúr don cheantar sin. (Is féidir leat vóta a chaitheamh in gach ceann de na ceantair; níl ach vóta amháin agat, áfach, in aghaidh an cheantair.)