Ár gCeantair Shléibhe Cois Cósta a Cheiliúradh: Comórtas Grianghrafadóireachta

Snow in the Preseli Mountains, Wales

Roinn an grianghraf is fearr leat ina thaispeántar saol sna Sléibhte Cambria agus Sléibhte Preseli sa Bhreatain Bheag, nó sna Sléibhte Chill Mhantáin agus Sléibhte na Staighrí Dubha in Éirinn. Cuidigh linn chun oidhreacht shaibhir, ilghnéitheach na gceantar sléibhe suaithinseach ar gach taobh de Mhuir Éireann a thaispeáint agus a chur chun cinn.

Maoinithe ag an gCiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa tríd an Ireland-Wales Programme, pléann CUPHAT le turasóireacht oidhreachta i gceantair shléibhe cois cósta in Éireann agus sa mBreatain Bheag. Déanann an tionscadal aitheantas a thabhairt d’oidhreacht shainiúil chomhroinnte na gceantar. Trí do pháirt féin a ghlacadh sa gcomórtas grianghrafadóireachta seo, beidh tú ag cuidiú linn a n-áilleacht faoi leith a thaispeáint agus a cheiliúradh.

Is féidir le hiontrálacha gach séasúr den bhliain a léiriú, ach ba cheart dóibh baint a bheith acu le ceann de cheithre théama an tionscadail —

  • Geolaíocht agus Tírghnéithe
  • Bithéagsúlacht
  • Seandálaíocht
  • Saolta an Phobail

Le d’iontráil a chur isteach, roghnaigh an fhoirm cheart thíos de réir do sheolta ríomhphoist. Líon amach na sonraí mar is riachtanach agus lean na treoracha chun do ghrianghraf a sheoladh isteach.

Ní mór duit bheith 18 bliain d’aois nó níos sine, agus caithfear iontrálacha a uaslódáil ag an té a thóg an grianghraf. Ní mór d’iontrálacha bheith uaslódáilte roimh 6 i.n. ar an 17 Márta 2023.

Cuirfear 10 iontráil ó gach ceantar ar ghearrliosta, as a roghnófar buaiteoirí an chomórtais tar éis vóta poiblí ar líne. Gheobhaidh an grianghraf is fearr ó gach ceantar buidéal uisce CUPHAT, agus bronnfar húdaí CUPHAT ar an mbuaiteoir ar an iomlán.

Is mian linn na grianghraif atá curtha isteach a úsáid le cuidiú linn aird a tharraingt ar áiteanna agus ábhar spéise atá le fáil i gceantair an tionscadail. Dá bharr sin, tabhair faoi deara nuair a chuireann tú do ghrianghraf isteach sa gcomórtas go n-iarrfaidh muid cead ort an grianghraf, d’ainm agus foscríbhinn an ghrianghraif a úsáid i mbealaí éagsúla mar chuid den tionscadal CUPHAT, ar nós:

  • ar ardáin mheán sóisialta
  • ar ár suíomh gréasáin agus aip
  • i bhfoilsiúcháin agus craolacháin
  • le haghaidh múinte, oideachais, agus cur i láthair
  • in ábhar poiblíochta agus fógraíochta (comharthaí / postaeir / fógráin / bileoigíní)
  • stóráil a dhéanamh i gcartlanna an tionscadail, nó i stór digiteach eile, ar bhonn fadtéarma

Dá mb’fhearr leat nach n-úsáidtear do ghrianghraf ach don chomórtais amháin seachas aon cheann de na slite thuasluaite, tabhair an méid sin le fios ar an bhfoirm le do thoil. D’iontrálacha gan cheadúnas “úsáid sa todhchaí” orthu, scriosfar iad díreach tar éis chríochnú an chomórtais, agus bainfear sonraí teagmhála an iarrthóra ónár dtaifead.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil líon na n-iontrálacha is féidir linn a ghlacadh ó dhuine amháin teoranta do chuig (5) iontráil an duine, ach beidh foirm iontrála nua ag teastáil ó gach iontráil ar leith.

ROGHANNA Ó THAOBH FOIRMEACHA IONTRÁLA (léigh na treoracha go cúramach, le do thoil)

Má tá cuntas gmail agat (nó cuntas eile a bhfuil nasc le Google aige), cliceáil ar an rogha teanga is fearr leat thíos:
 Gaeilge / English / Cymraeg

Má tá cuntas ríomhphoist de chineál eile agat, cliceáil ar an rogha teanga is fearr leat thíos:
Gaeilge / English / Cymraeg